SEIRBHÍSÍ: AISTRIÚCHÁN AGUS TACAÍOCHT TEANGA




SEIRBHÍS AISTRIÚCHÁIN ATÁ ANN, ACH NÍ MAR A MHEAS TÚ …

Is cuma í a bheith fada, gearr, teicniúil nó i gcaint dhíreach, déanfar an cháipéis agatsa a aistriú go Gaeilge le cáiréis agus le cruinneas.

I réimse na fógraíochta agus na margaíochta, nuair a bhíonn easnamh ar an aistriú díreach, bíonn draíocht ar siúl againne. Leis an t Seirbhís Aistriúcháin Fógraí eisiach atá againn, cuirtear bua cruthaitheach ag obair le hinniúlacht theicniúil chun beart ar leith a thairiscint d’áisíneachtaí: aistriúchán cruthaitheach le haghaidh manaí, tráthú físe agus socruithe comhbheola, tástáil cóipe ag spriocleibhéil líofachta, aimsiú ealaíontóirí osghlóir, comhchomhairle / ceadú sa stiúideo le linn léiriúcháin, agus an-chuid eile.

TÚ A CHOIMEÁD AR AN EOLAS

Leis an gcur chuige aistriú-ar-ais atá againn, dírítear aird ar áiteanna nárbh fhéidir aistriú díreach a dhéanamh, cad iad na roghanna atá ann, agus ar théarmaí nua a bheadh cruthaithe chuige sin go sainiúil (i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta).

Sa tslí sin, coimeádtar cliaint nach bhfuil líofa ar an eolas agus fanann na cinntí cumarsáide faoina smacht siúd.

Ar na seirbhísí tacaíochta eile atá ar fáil, tá léamh profaí ag an gcéim iardheartha, eagarthóireacht san obair ealaíne, agus ceadú ag sainchomhairleoirí líofa dlithiúla, de réir mar is gá.



CUMARSÁID CREATIVECUMARSÁID CREATIVE