PORTFOLIO: Fógraíocht Teilifíse Gaeilge




Barry's Tea "Something Borrowed" (IIBBDO 2004)

Éiríonn leis an úsáid leanúnach a bhaineann Barry?s as an nGaeilge ina gcuid fógraí. Tacaíonn sí leis an sainaitheantas branda atá acu mar chuideachta tae Éireannach agus scarann amach ó na hiomaitheoirí iad i gcónaí.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

02 "Can do" (Peter Owens 2002)

Is fada cuideachtaí a bhfuil baint acu le gnó na cumarsáide ag aithint luach na fógraíochta as Gaeilge. Bhí gá le haistriúchán fileata chun dul leis na físeanna áille san fhógra seolta seo. Dúirt sé an-chuid faoi thiomantas O2 dá gcustaiméirí Éireannacha.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Euro Changeover "Seán Bán" (Adept 2001)

Ba í Adept an chéad áisíneacht a thug cuireadh dúinn ag céim an choincheapa chun scríbhinn neamhspleách a fhorbairt le haghaidh fógra as Gaeilge. Bhí Seán Bán Breathnach chun cinn sa tsraith inar iarradh ar an spriocmhargadh "tiúnáil isteach" ar luach an euro.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Foras na Gaeilge "Café" (Helme OCOS 2000)

Suíomh cáiliúil ina ritheann sé leat ? do náire! ? gur líonmhaire lucht na Gaeilge ná mar a mheas tú! Craoladh an fógra seo, a bhuaigh duaiseanna, ar roinnt mhaith cainéal ? RTÉ, TG4, TV3, UTV, CH4 agus Sky One san áireamh. Mar shainchomhairleoirí, bhí sé de phribhléid againn oibriú leis an gcliant agus leis an ngníomhaireacht chun an faisnéiseán fógraíochta agus na scríbhinní deireanacha a fhorbairt don dá fhógra san fheachtas uile-oileáin seo.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Fiontar DCU M.SC. (Cumarsáid 1999)

I gcás nach féidir beo-ghníomhaíocht a úsáid de dheasca teorainneacha buiséid, is féidir 30 soicind fíorspéisiúla a chruthú le téacs Gaeilge ag gluaiseacht. Tugadh aird ar an mbeochartúnaíocht seo ar an mealladh dátheangach a bhain léi.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Barry's Tea "New York" (Irish International 1999)

Bhí sé beartaithe go gcraolfaí an fógra seo ar RTÉ, chomh maith le TG4, agus ba é an faisnéiseán dó ná go mbeadh an t-aistriúchán chomh soiléir sin go bhféadfadh daoine le leibhéil éagsúla líofachta é a thuiscint. Is i gCorcaigh atá Barry?s bunaithe ? mar sin, chuir ealaíontóir osghlóir ó chúige na Mumhan an teachtaireacht i gcrích.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

ESB "houses of energy" (CDP 1998)

Bhain suntas leis an bhfógra seo ar RTÉ as an gcuimhne láidir a bhí ag daoine air ? an chuimhne chéanna a bhí ag daoine ar an leagan Béarla ? cé nár craoladh an fógra Gaeilge seo ach leath an oiread ama is a craoladh an leagan Béarla. Bhain débhrí lenár n-aistriúchán ar "Mountains of ironing" mar "Tulach an Iarainn" toisc gur logainm tábhachtach do Bhord Soláthair an Leictreachais é freisin.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Bank of Ireland GAA (Bell 1997)

De bharr rith liriciúil scríbhinn bhunaidh an fhógra seo, bhí cruthaitheacht ag teastáil chun fanacht dílis do bhunbhrí agus d?fhilíocht na Gaeilge. Ba chruthú nua é an mana "Seas le do chontae" (seachas aistriúchán) ar mhaithe leis an tuiscint ag leibhéil éagsúla.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

C&C TK togha-khic x 10 (series) (Cawley Nea 1997)

Ceann de na dúshláin "aistriúcháin chruthaithigh" is ansa linn é seo. Ní fhéadfaí an tsraith rannta seo le haghaidh deochanna TK a aistriú go díreach ? b?éigean rím a bheith sna focail agus iad a bheith de réir ábhar / am na beochartúnaíochta! Craoladh na trí leagan Gaeilge go léir ar N2 agus ar TG4.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas

Birds Eye "Fish Grills úra" (Wilson Hartnell 1996)

Deineadh athghlórú sa dá theanga ar an bhfógra Meiriceánach seo le haghaidh mhargadh na hÉireann. Ábhar suntais é an socrú comhbheola a deineadh (rud annamh i bhfógraí aistrithe na linne). Thaitin an t-iontas a bhain an lucht féachana as "Céard ?tá don dinnéar?" (aistriú foirfe Pheadair Lamb ar "Hiya honey, what?s for dinner?") go mór leo.
SEINN FÓGRA: Ardluas / Gnáthluas





CUMARSÁID CREATIVECUMARSÁID CREATIVE