COMHAD OIBRE: Ag Ceiliúradh deich mbliana de Ghaeilge chruthaitheach




Tháinig Cumarsáid Creative ar an saol sa bhliain 1995 agus smaoineamh mór againn … sainionad a bhaint amach dúinn féin mar cheannaire margaidh san Fhógraíocht agus sa Dearadh as Gaeilge.

Dar le cuid mhór daoine go rabhamar as ár meabhair (an comhairleoir airgeadais ar ár gcúrsa fiontair san áireamh!) ach le spreagadh a leithéad – Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Glór na naGael agus An tOireachtas, mar shamplaí, d’éirigh linn! (Beimid buíoch i gcónaí díobh!)

Nuair a sheol TG4 (TnaG) a seirbhís teilifíse Gaeilge sa bhliain 1996, sheolamarna ár Seirbhís Aistriúcháin Fógraí agus táimid ag treabhadh ar aghaidh ó shin. Anois, is mór an t-ábhar sásaimh dúinn é féachaint siar tamall ar a bhfuil bainte amach.

Deich mbliana ar aghaidh, bímis ag ceiliúradh (le cumha bheag éigin!).

AISTEAR AR BHÓITHRÍN NA SMAOINTE…






CUMARSÁID CREATIVECUMARSÁID CREATIVE